Cad is téacsáil thuarthach ann?

Bealach tapaidh, éasca chun focail a chló amach ar do ghuthán.

Mar shampla:

Gan téacsáil thuarthach, chun an focal Gaeilge suí a chló amach, bheadh ort cnaipe 7 a bhrú faoi cheathair chun s a fháil, cnaipe 8 faoi dhó chun u a fháil, agus cnaipe 4 a bhrú 6 huaire chun í a fháil. Ach, tá deireadh leis na drochlaethanta sin anois!!

Má usáideann tú Téacs, ní gá duit ach gach cnaipe acu sin a bhrú an t-aon uair amháin, is é sin, 7 chun s a fháil, 8 chun u a fháil, agus 4 chun í a fháil. Agus sin é!
Má tharlaíonn gurb ionann ord na gcnaipí do dhornán focal, ní gá duit ach brú ar an réiltín chun scrollú trí na roghanna éagsúla.

Buntáiste ollmhór eile atá ag Téacs ó thaobh na Gaeilge de ná go bhfuil focail choitianta ina bhfuil uaschamóga, eg briathra san Aimsir Chaite cosúil le d’éirigh, agus d’ol, nó focail cosúil le m’athair, d’athair mar aon le focail ina bhfuil fleiscíní ar nós n-athair, an-mhaith, dea-chuma ar áireamh san fhoclóir freisin, rud a chuireann ar do chumas cnaipe 1 a bhrú uair amháin chun comhartha poncaíochta a chur in iúl agus leanúint ort ansin ag brú na gcnaipí atá uait agus tú ag téacsáil go tuarthach!!

Sa bheochan seo, taispeántar téacsáil thuarthach ar chlé, agus téacsáil neamh-thuarthach ar dheis:

Comparáid idir téacsáil thuarthach agus neamh-thuarthach