Tá na Bogearraí seo á soláthar díreach "mar atá siad" agus níl baránta de chineál ar bith ag gabháil leo. Ní bheidh Vodafone Ireland Limited ná Téacs Teoranta faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste ar bith, cibé ní faoi deara é, a tharlóidh go díreach nó go neamhdhíreach i dtaca leis an tSeirbhís a úsáid. Bíonn foireann carachtar níos leithne de dhíth ar theangacha cosúil leis an nGaeilge (e.g. chun go mbeidh síntí fada ar fáil) rud a laghdaíonn an líon carachtar a cheadaítear in aghaidh na teachtaireachta. Taispeántar an líon carachtar atá ar fáil in aghaidh na teachtaireachta ar bharr fhuinneog an téacs.