Treoracha Achoimre
Ar dTús
- Téigh go dtí
http://wap.teacs.ie/ ar bhrabhsálaí WAP nó gréasáin do ghutháin.
- Lean na treoracha a thiocfaidh aníos.
Tá Téacs féin á chur ar fáil saor in aisce, ach féadfaidh go ngabhfaidh costas líonra leis an íoslódáil, ag brath ar do sholáthróir líonra agus ar do chonradh.
- Má iarrtar ort pointe rochtana a roghnú, ba chóir duit cibé ceann a mholann do sholáthróir líonra a roghnú.
- Más custaiméir Vodafone tú, roghnaigh Vodafone live! mar phointe rochtana. Féach anseo le haghaidh sonraí maidir leis an gcostas a ghearrfar ort.
- Mura custaiméir Vodafone tú, téigh chuig suíomh gréasáin do sholáthróra líonra chun a fháil amach cé na táillí a bheidh ann, más ann.
- Oscail Téacs ar do ghuthán mar a d’osclófá cluiche nó feidhmchlár Java go hiondúil.
- Cé nach dócha go dtarlóidh fadhb agus Téacs á íoslódáil agat, má tharlaíonn aon fhadhb
- Glan an taisce ar bhrabhsálaí Idirlín do ghutháin trí chlár roghanna do bhrabhsálaí a úsáid.
- Múch do ghuthán agus ansin cuir ar siúl arís é.
- Faoin gcluaisín Gutháin Oiriúnacha, seiceáil an bhfuil do ghuthán oiriúnach agus cén fheidhmíocht atá luaite leis.
- Seol rphost chuig feedback@teacs.ie má tá deacracht fós agat.
- Tá cabhair ar fáil ar do ghuthán ar gach scáileán ach brú ar Cabhair faoin roghchlár.
- Is mór is fiú feidhmchlár Téacs a chur mar aicearra le go mbeidh tú in ann teacht air go tapaidh. Féach ar an leabhrán don úsáideoir a tháining le do ghuthán chun a fháil amach conas é seo a dhéanamh.