- D’íoslódáil mé feidhmchlár Téacs, ach níl teacht air i gcomhad na dteachtaireachtaí
- Cén fáth nach gceadaítear ach 70 carachtar dom in aghaidh an téacs?
- Nuair a sheolaim teachtaireacht téacs, ní thaispeántar é i gcomhad na dtéacsanna seolta
- An gcaithfidh mé uimhir ghutháin an fhaighteora a chur isteach de láimh?
- An féidir athrú ó bheith ag téacsáil as Gaeilge go dtí téacsáil as Béarla?
- An féidir liom téacs a shábháil mar dhréacht agus é a sheoladh ar mo chaoithiúlacht?
- An mbeidh daoine nach bhfuil Téacs acu in ann mo théacsanna a léamh?
- An féidir liom Téacs a úsáid ar m’iPhone?
- An bhfuil Téacs ar fáil lasmuigh d’Éirinn?
D’íoslódáil mé feidhmchlár Téacs, ach níl teacht air i gcomhad na dteachtaireachtaí
Beidh Téacs sábháilte pé áit a sábhálann do ghuthán feidhmchláir Java go hiondúil. Áit éagsúil a bhíonn i gceist ó ghuthán go guthán ag brath ar dhéanamh agus ar chineál an ghutháin, ach seo thíos roinnt áiteanna comónta is fiú a thriail:
- Príomh-roghchlár do ghutháin
- Comhad na Downloads
- Applications, nó Organizer agus ansin Applications
- Java nó Games
Cén fáth nach gceadaítear ach 70 carachtar dom in aghaidh an téacs?
Le go mbeifear in ann sínte fada a chur isteach, úsáidtear an fhoireann carachtar leathnaithe UCS-2 i bhfeidhmchlár Téacs seachas an ceann caighdeánach 7 ngiotán. Dúblaíonn sé seo méid iarbhír an téacs, fiú mura bhfuil ach cúpla síneadh fada ann. Is locht é seo ar an gcóras nach féidir a leigheas. Dá bhrí sin, ní cheadaítear an líon céanna carachtar is a cheadaítear le gnáth-théacs. Go hiondúil, bíonn 70 carachtar sa téacs nó sa chéad chuid de shraith téacsanna. 60 carachtar agus 66 charachtar faoi seach a bhíonn sa dara téacs agus sa tríú téacs i sraith téacsanna.
Leid: Tá áiritheoir carachtar san fheidhmchlár agus má choinníonn tú súil air, cífidh tú an líon téacsanna atá á seoladh agat. Ní gá ach breathnú ar an bhfigiúr idir lúibíní, ie 70(1) lena fháil amach cén líon téacsanna a sheolfar. Má bhíonn sraith téacsanna le seoladh, seans freisin go mbeidh ort é a cheadú roimh ré. Má choinníonn tú an líon carachtar faoi bhun 70, ní ghearrfar riamh níos mó ná costas teachtaireachta amháin ort.
Nuair a sheolaim teachtaireacht téacs, ní thaispeántar é i gcomhad na dtéacsanna seolta
Ós rud é gur feidhmchlár ar leith atá ann, níl aon nasc idir Téacs agus feidhmiúlachtaí téacsála do ghutháin. Dá bhrí sin, ní shábháiltear aon téacsanna a sheolfaidh tú ó Téacs faoi Sent/Outbox do theachtaireachtaí.
An gcaithfidh mé uimhir ghutháin an fhaighteora a chur isteach de láimh?
Dearadh Téacs le go n-oibreodh sé le leabhar teagmhálaithe do ghutháin. Cuir an cúrsóir isteach faoin réimse Chuig áit a gclónn tú isteach uimhir an teagmhálaí, agus brú ar Options/Menu. Ní hionann an fhoclaíocht ar gach guthán, ach ba chóir go bhfeicfeá rogha ansin amhail Add from Contacts, Search nó Lookup.
An féidir athrú ó bheith ag téacsáil as Gaeilge go dtí téacsáil as Béarla?
Is féidir! Le linn duit teachtaireacht a scríobh le Téacs, brúigh Roghanna agus ansin roghnaigh Béarla chun athrú go Béarla. Brúigh Aisfhill ansin chun filleadh ar an nGaeilge.
An féidir liom téacs a shábháil mar dhréacht agus é a sheoladh ar mo chaoithiúlacht?
Is féidir; ní gá ach imeacht as an bhfeidhmchlár gan an teachtaireacht a sheoladh. Beidh sé ar fáil duit arís an chéad uair eile a osclaíonn tú Téacs.
An mbeidh daoine nach bhfuil Téacs acu in ann mo théacsanna a léamh?
Beidh; Úsáideann Téacs teachtaireachtaí caighdeánacha SMS agus beidh guthán póca nua-aimseartha ar bith in ann iad a fháil.
An féidir liom Téacs a úsáid ar m’iPhone?
Faoi láthair, níl Téacs ar fáil don iPhone. Bhí sé beartaithe riamh go n-úsáidfí Téacs ar ghutháin le heochaircheapa caighdeánacha nach mbíonn méarclár iomlán mar rogha orthu; bíonn 3 litir in aghaidh an chnaipe ar na gutháin seo. Tá leagan don iPhone á iarraidh ag daoine eile freisin, dá bhrí sin seans go ndéanfar ceann a fhorbairt amach anseo, ach faoi láthair níl a leithéid ar fáil.
An bhfuil Téacs ar fáil lasmuigh d’Éirinn?
Tá! Is féidir leat Téacs a íoslódáil agus a shuiteáil ach na treoracha seo a leanúint.