teacs.ie
Bogearra chun téacsáil Gaeilge a éascú.

Téacsáil Thuarthach

Cuireann Téacs ar do chumas teachtaireachtaí a scríobh ar do ghuthán le téacsáil thuarthach Gaeilge.

Cad is téacsáil thuarthach ann?

Ar dTús

Is féidir Téacs a shuiteáil ar fhormhór mór na nguthán póca atá ar an margadh, agus ní chuirfidh sé isteach ar aon mhodhanna iontrála téacs atá ar do ghuthán cheana.

  1. Téigh go dtí http://wap.teacs.ie/ ar bhrabhsálaí WAP nó gréasáin do ghutháin.
  2. Lean na treoracha a thiocfaidh aníos.
    Tá Téacs féin á chur ar fáil saor in aisce, ach féadfaidh go ngabhfaidh costas líonra leis an íoslódáil, ag brath ar do sholáthróir líonra agus ar do chonradh.
    • Má iarrtar ort pointe rochtana a roghnú, ba chóir duit cibé ceann a mholann do sholáthróir líonra a roghnú.
    • Más custaiméir Vodafone tú, roghnaigh Vodafone live! mar phointe rochtana. Féach anseo le haghaidh sonraí maidir leis an gcostas a ghearrfar ort.
    • Mura custaiméir Vodafone tú, téigh chuig suíomh gréasáin do sholáthróra líonra chun a fháil amach cé na táillí a bheidh ann, más ann.
  3. Oscail Téacs ar do ghuthán mar a d’osclófá cluiche nó feidhmchlár Java go hiondúil.
  4. Cé nach dócha go dtarlóidh fadhb agus Téacs á íoslódáil agat, má tharlaíonn aon fhadhb
    • Glan an taisce ar bhrabhsálaí Idirlín do ghutháin trí chlár roghanna do bhrabhsálaí a úsáid.
    • Múch do ghuthán agus ansin cuir ar siúl arís é.
    • Faoin gcluaisín Gutháin Oiriúnacha, seiceáil an bhfuil do ghuthán oiriúnach agus cén fheidhmíocht atá luaite leis.
    • Seol rphost chuig aiseolas@teacs.ie má tá deacracht fós agat.
  5. Tá cabhair ar fáil ar do ghuthán ar gach scáileán ach brú ar Cabhair faoin roghchlár.
  6. Is mór is fiú feidhmchlár Téacs a chur mar aicearra le go mbeidh tú in ann teacht air go tapaidh. Féach ar an leabhrán don úsáideoir a tháining le do ghuthán chun a fháil amach conas é seo a dhéanamh.
An bhfeidhmeoidh sé ar mo ghuthánsa?

English instructions are avaiable here